top of page

Upcoming Events

  • Tráth na gCeist Féile na Samhna d'Ailse
    Tráth na gCeist Féile na Samhna d'Ailse
    Wed 11 Nov
    Sextons Bar
    Bígí linn ar an gCéadaoin an 11 Samhain ó 20:00-21:30 do Tráth na gCeist chun airgead a bhailiú ar son na hailse (Irish Cancer Society). Baileoidh an t-airgead trí revolut Irish Cancer Society 10 euro/duine. Go raibh míle!
Padel as Gaeilge - Féile na Samhna 2026
Padel as Gaeilge - Féile na Samhna 2026
Sun 15 Nov
V94 FW62
Bígí linn ar an Domhnach an 15 Samhain do 'Padel' as Gaeilge. Beidh píosa spraoi, comhrá agus soláistí tar éis. Beidh costas 10 euro/duine. Beidh fáilte roimh chách.

Upcoming Events

REACH - LCETB

Le tacaíocht ó mhaoiniú REACH 2026 ó LCETB, d’eagraigh Comhluadar Luimnigh sraith gníomhaíochtaí pobail chun deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid i suíomhanna sóisialta agus taitneamhacha.

Cuireadh trí chineál gníomhaíochta ar fáil:

  • Amhránaíocht agus ceol le Meaghan, i mBothán na bhFear, Paróiste Naomh Mhuire, chun taitneamh a bhaint as an gceol agus an Ghaeilge i gcomhluadar daoine eile.

  • Damhsa seit le Caoimhe agus Sara, i mBothán na bhFear, Paróiste Naomh Mhuire, ag díriú ar thraidisiúin damhsa na hÉireann, lena n-áirítear stíleanna Shliabh Luachra agus polcaí Chiarraí.

  • Zumba trí Ghaeilge le Darren, in Áth Dara, i Méanas agus i Ráth Bán, ag comhcheangal na haclaíochta, an cheoil agus na foghlama teanga.

Ba é príomhaidhm an tionscadail an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo phobail, trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil, rannpháirtíocht agus idirghníomhaíocht shóisialta.

Iarradh ar rannpháirtithe foirm aiseolais a chomhlánú chun a dtuairimí a fháil agus chun cabhrú le pleanáil gníomhaíochtaí amach anseo.

Gabhann Comhluadar Luimnigh buíochas le LCETB as an maoiniú agus leis na teagascóirí agus na rannpháirtithe as a rannchuidiú. Bainfear úsáid as an taithí agus as an aiseolas chun tacú le pleanáil 2027, faoi réir maoinithe amach anseo.

image.png

​

​

bottom of page