
ÁR SCÉAL

Is grúpa áitiúil é Comhluadar Luimnigh a eagraíonn imeachtaí trí Ghaeilge. An aidhm atá againn ná chun an Ghaeilge a dhéanamh níos inrochtana do chách, lasmuigh den chóras oideachais. Tugaimid deis do gach duine a bheith linn mar chuid den phobal seo.
Bainimid úsáid as WhatsApp chun a bheith i dteagmháil lena chéile. Tá fáilte roimh chách a bheith ina bhall de. Oibrímid go dlúth le heagraíochtaí eile ar fud na tíre. Táimid ag iarraidh a bheith ar an eolas faoi gach imeacht mór nó beag sa cheantar ina bhfuil an Ghaeilge lárnach. Ní neart go cur le chéile!
Is le tacaíocht airgeadais Foras na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge agus Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh a fheidhmíonn an grúpa deonach seo.
Teagmháil: eolas@comhluadarluimnigh.ie nó Ava ag 0894106637.