
.png)
Imeachtaí ag teacht

Céad 11 SamhSextons BarBígí linn ar an gCéadaoin an 11 Samhain ó 20:00-21:30 do Tráth na gCeist chun airgead a bhailiú ar son na hailse (Irish Cancer Society). Baileoidh an t-airgead trí revolut Irish Cancer Society 10 euro/duine. Go raibh míle!


Imeachtaí ag teacht

Déar 12 SamhV94 EYK6Bígí linn ar an 12 Samhain ó 19:30-20:30 d'imeacht dreapadóireachta (aois 11-14). Beidh an t-imeacht seo in éineacht le Cumann na bhFiann. Beidh failte roimh chách!
Sath 14 SamhAn Múseam HuntBígí linn ar an 14 Samhain ó 11:00-13:00 as Gaeilge, agus lón ina ndiaidh ag 13:10 sa chaife Hunt. Beidh an léachtóir Liam Ó Dochartaigh ag tabhairt cainte faoi na héin agus an litríocht, agus Dr Mícheál Ó hAodha faoi na beacha agus an gaol leis an nGaeilge. Tá fáilte roimh chách!
Sath 14 SamhACM KidzBígí linn ar an Satharn an 14 Samhain ó 15:00-16:00 do thaispeántas le Little Gem Puppets do pháistí óga. Beidh fáilte roimh chách agus gach leibhéal Gaeilge. Tá maoirseacht an chaomhnóra ag teastáil.
Sath 14 SamhClare StreetBígí linn ar an 14 Samhain ó 18:00-20:00 do cheardlann cróise as Gaeilge leis an áisitheoir Jodie. Tá an cheardlann seo do thosaitheoirí cróise. Beidh fáilte roimh chách. Beidh café/tae ar fáil agus an treallamh ar fad don rang.
Domh 15 SamhClub CLG & Leadóige Mhóin an LínBígí linn ar an Domhnach an 15 Samhain ó 18:00 - 19:00 do spraoi trí Ghaeilge ag Zumba le Darren Nash. Beidh fáilte roimh chách!
Máirt 17 SamhCastletroy Park Hotel and SuitesBígí linn ar an 17 Samhain ag 7:30 ag Óstán Chaladh an Treoigh. Beidh an t-údar Éilís Ní Dhuibhne linn ag labhairt mar gheall ar an úrscéal Dordáin (ar an gcúrsa ardteiste). Beidh failte roimh chách!
REACH - LCETB
Le tacaíocht ó mhaoiniú REACH 2026 ó LCETB, d’eagraigh Comhluadar Luimnigh sraith gníomhaíochtaí pobail chun deiseanna a chruthú chun an Ghaeilge a úsáid i suíomhanna sóisialta agus taitneamhacha.
Cuireadh trí chineál gníomhaíochta ar fáil:
-
Amhránaíocht agus ceol le Meaghan, i mBothán na bhFear, Paróiste Naomh Mhuire, chun taitneamh a bhaint as an gceol agus an Ghaeilge i gcomhluadar daoine eile.
-
Damhsa seit le Caoimhe agus Sara, i mBothán na bhFear, Paróiste Naomh Mhuire, ag díriú ar thraidisiúin damhsa na hÉireann, lena n-áirítear stíleanna Shliabh Luachra agus polcaí Chiarraí.
-
Zumba trí Ghaeilge le Darren, in Áth Dara, i Méanas agus i Ráth Bán, ag comhcheangal na haclaíochta, an cheoil agus na foghlama teanga.
Ba é príomhaidhm an tionscadail an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo phobail, trí fhoghlaim neamhfhoirmiúil, rannpháirtíocht agus idirghníomhaíocht shóisialta.
Iarradh ar rannpháirtithe foirm aiseolais a chomhlánú chun a dtuairimí a fháil agus chun cabhrú le pleanáil gníomhaíochtaí amach anseo.
Gabhann Comhluadar Luimnigh buíochas le LCETB as an maoiniú agus leis na teagascóirí agus na rannpháirtithe as a rannchuidiú. Bainfear úsáid as an taithí agus as an aiseolas chun tacú le pleanáil 2027, faoi réir maoinithe amach anseo.































